1. A bhunait féin annsna sléibhtibh naomhtha.
2. Is ionmhuin leis an TIGHEARNA geatadha Sion ós cionn ionad suighe Iácob uile.
3. Is glórmhar na neithe labharthar ortsa, a chathair Dé. Selah.
4. Laibheorad air Rahab, agus air Bhabilón ris an luchd dar baithne mé: dearc Palestína, agus Tírus, maille ris a Netiópia; annsin do rugadh an fearso.
5. Agus a ttáobh Shion a déarthár, Do rugadh an fearso agus an fear úd innte: agus an té is ro áirde, daingneocha sé í.
6. Comháirfigh an TIGHEARNA, an tan scríobhthus sé na poibleacha, Do rugadh an fearsa annsin. Selah.