Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 86:6-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Tabhair éisdeachd, a THIGHEARNA, dom urnaigh; tabhair aire do ghuth mo ghearáin.

7. A ló mo bhuáidheartha gairfiod ortsa: óir freagorá tú mé.

8. Ní bhfuil do shamhuilse a measc na ndée, a THIGHEARNA; agus ní bhfuilid neithe cosmhuil red oibreachaibh.

9. Tiocfaid na huile chineadhacha do rinnis agus do dhéanaid adhra ós do choinne, a THIGHEARNA; agus do dhéanaid hainm do ghlórughadh.

10. Oír is mór thusa, agus do nír neithe iongantacha: is tú féin Día amháin.

11. Teagaisg dhamh a THIGHEARNA, do shlightheacha; agus siubhólad ann tfírinne: coimhcheangail mo chroidhe chugadsa deaglughadh hanma.

12. Molfad thú, a THIGHEARNA mo Dhía, rem uile chroidhe: agus do dhéanad hainm do ghlórughadh go bráth.

13. Oír is mór thrócaire orumsa: agus dfúascail tú manam ó ifrionn íochdarach.

14. O a Dhé, déirghiodar na huáibhrigh súas am aghaidh, agus díarradar coimhthíonól na bhfoiréignioch manam; agus níor chuireadar thusa as a ccomhar.

15. Acht atá tusa, a THIGHEARNA, Día trócaireach, grásamhuil, ag fulang a bhfad, agus lán do thrócaire agus dfírinne.

16. Féuch orum, agus déan trocaire orum; tabhair do neart dot sheirbhíseach, agus tárthuigh mac hinneilte.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 86