Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 85:8-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Cluinfiod cred e déaras Día an TIGHEARNA: óir laibheoruidh sé síothcháin ré na dhaóinibh, agus ré na náomhuibh: iondus nach bhfillfíd a rís chum éigcríonachd.

9. Atá a shlánughadh go deimhin a ngar don lucht air a bhfuil a eagla; go náitrighiodh glóir ann ar ndúithche.

10. Tárla trocaire agus fírinne ré chéile; do phógadar a nfíréantacht agus an tsíothcháin ni ar oile.

11. Fásaigh fírinne as an ttalamh, agus féuchuidh a nfiréantachd a nuas ó neamh.

12. Do bhéura an TIGHEARNA mar an ccéadna maith; agus do bhéara ar bhfearann a thoradh.

13. Rachaidh ceart ós coinne a aighthe; agus cuirfidh sinne a slighe a choíscéime.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 85