1. A THIGHEARNA, do bhí tú fabharthach dot dhúthaigh: thug tú ar ais braighdionas Iácob.
2. Do mhaith tú eaccoirthe do phobail, dfoluigh tú a bpeacadh uile. Selah.
3. Do tharruing tú leachd do dhíbhthearg uile: dfillis ó theas thfeirge.
4. Iompóigh sinn, a Dhé ar shlánuighthe, agus coisg thfearg ar naghaidh.
5. An mbía tú feargach go bráth rinn? an mbía thfearg ar congmháil ó ghinealach go ginealach?
6. Nach ndéanair sinne bhéoghudh a rís: ionnus go ndéunaid do dhaoine lúathgháire ionnad?
7. Taisbéin do thrócaire dhúinn, a THIGHEARNA, agus tabhair do shlánughadh dhuinn.
8. Cluinfiod cred e déaras Día an TIGHEARNA: óir laibheoruidh sé síothcháin ré na dhaóinibh, agus ré na náomhuibh: iondus nach bhfillfíd a rís chum éigcríonachd.