Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 84:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Cred é a gheanamhla hionad suighe, a THIGHEARNA na slógh.

2. A tá manam fonnmhar, mar an ccéadna ag meirtniughadh re dúil a ccúirtibh an TIGHEARNA: gáirigh mo chroidhe ag mfeóil amach chum an Dé bhí.

3. Fós, do gheibh an gealbhonn féin tigh, agus a náinléog nead di féin, mar a ccuireann a hóigéin, haltórachsa, a THIGHEARNA na slógh, mo Rígh, agus mo Dhía.

4. O is beanuighe an drong noch áitreabhus ann do thigh: molfaid thú a ccomhnuighe. Selah.

5. Is beannuighe an nduine agá bhfuil a neart ionnadsa; a bhfuil do shlighe na chroidhe.

6. Noch ag gabháil thríd ghleann Bacca do níd é amhuil tiubruid; agus líonuid fós a nfearthuinn na locháin.

7. Imthighid ó neart go neart, do chífíghear gach aon a lathair Dé a Sion.

8. A THIGHEARNA a Dhé na slógh, cluin murnuigh: tabhair éisdeacht, a Dhé Iacob. Selah.

9. A Dhé ar scíath, dearc agus feuch, ar aghaidh hungthaigh féin.

10. Oir is féarr lá ann do chúirtibhsi ná míle. Do bféarr leam bheith am dhoirseóir a ttigh Dé, ná bheith am chomhnuidhe a bpáilliún an chiontuigh.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 84