5. Oír do chomhairligheadar ré chéile dáontoil: atáid coimhcheangailte ad aghaidh:
6. Páilliún Edom, agus na Hismaelítigh; Móab, agus na Hagarénigh;
7. Gébal, agus Ammon, agus Amalec; na Philistinigh maille ris an ndroing chomhnuighios ag Tíor;
8. Atá Assur air na cheangal léo mar an ccéadna: agus bá cungnamh íad do chloinn Lot. Selah.
9. Déansa orrasan mar do rinnis air na Mhidianigh; air Shisera, air Iábin, ag abhuinn Císon:
10. Noch do thuit ag Endor: do rinneadh aóileach dhíobh chum na talmhan.
11. Déan a ndáoine nuáisle mar Oreb, agus mar Seeb: agus a bprionnsuidhe uile mar Seba, agus mar Salmunnah:
12. Noch a dubhairt, Glacam chuguinn féin tighthe Dé mar oighreachd.
13. O mo Dhía, déan amhuil roithlean iad; mar an gconnlach air aghaidh na gaóithe.
14. Mar loisgios an teine coill, mar chuirios an lasair na sléibhte tre theine;
15. Amhluigh sin déansa ainleanmhuin orra led anfadh, agus buaidhir íad led stoirm.
16. Líon a naighthe lé náire; chor go níarruid hainm, a THIGHEARNA.
17. Claóidhtear agus buáidhearthar íad go siorruidhe; bíodh náire orra, agus meathaid:
18. Chor go mbia a fhios aca gur tusa amháin, dárab ainm IEHOBHAH, is ro áirde ós cionn na talmhan uile.