1. A Dhé, ná bí ad thochd: ná bí boghar, agus ná coisg, a Dhé.
2. Oír, féuch, do níd do naimhde comhmbuáidhreadh: agus tógbhaid lucht thfuathuighthe a cceann.
3. A naghaidh do dhaóinesi do ghabhadar comhairle uáigneach go meabhlach, agus do chúadar a ccomhairle a naghaidh háoin bhfoluigheach.
4. Dúbhradar, Tagaidh, agus gearram amach íad ó bheith na gcineadh; go nach ccuimhneochthar ainm Israel nísa mó.
5. Oír do chomhairligheadar ré chéile dáontoil: atáid coimhcheangailte ad aghaidh:
6. Páilliún Edom, agus na Hismaelítigh; Móab, agus na Hagarénigh;
7. Gébal, agus Ammon, agus Amalec; na Philistinigh maille ris an ndroing chomhnuighios ag Tíor;
8. Atá Assur air na cheangal léo mar an ccéadna: agus bá cungnamh íad do chloinn Lot. Selah.
9. Déansa orrasan mar do rinnis air na Mhidianigh; air Shisera, air Iábin, ag abhuinn Císon:
10. Noch do thuit ag Endor: do rinneadh aóileach dhíobh chum na talmhan.
11. Déan a ndáoine nuáisle mar Oreb, agus mar Seeb: agus a bprionnsuidhe uile mar Seba, agus mar Salmunnah: