Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 82:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Seasuidh Día a gcomhdháil Dé; breathnuigh sé a meadhon na ndée.

2. Ca fad bhéithí ag breith bhreitheamhnuis go neimhcheart, agus ghéabhthaoi pearsanna na gciontach? Selah.

3. Déanaidh ceart don bhocht agus don dílleachta: déanaidh cóir don duine chráite agus do neasbhuidheach.

4. Sáor an bocht agus an ríachtanach: ó láimh an duine urchóidigh tárthuigh é.

5. Ní haithne dhóibh, agus ní háill léo a thuigsin; siubhluid síad a ndorchadas: atáid uile bhunáite na talmhan ar na ccorrughadh.

6. A dubhairt mé, Is dée sibh; agus is clann an té is ro áirde sibh uile.

7. Acht do gheabhthaói bás amhuil an duine, agus tuitfighthí mar aon do na prionnsadhuibh.

8. Eirigh, a Dhé, beir breitheamhnus air an ttalamh: óir gheabhair oighreacht air a nuile chineadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 82