1. Seasuidh Día a gcomhdháil Dé; breathnuigh sé a meadhon na ndée.
2. Ca fad bhéithí ag breith bhreitheamhnuis go neimhcheart, agus ghéabhthaoi pearsanna na gciontach? Selah.
3. Déanaidh ceart don bhocht agus don dílleachta: déanaidh cóir don duine chráite agus do neasbhuidheach.
4. Sáor an bocht agus an ríachtanach: ó láimh an duine urchóidigh tárthuigh é.
5. Ní haithne dhóibh, agus ní háill léo a thuigsin; siubhluid síad a ndorchadas: atáid uile bhunáite na talmhan ar na ccorrughadh.
6. A dubhairt mé, Is dée sibh; agus is clann an té is ro áirde sibh uile.