5. Mar fhiadhnuise do shuighidh sé é do Ióseph, a nuáir do chuáidh sé thríd thalamh na Hégipte: mar a ccúaluidh mé teanga nar thuigios.
6. Dáthruigh mé a ghúala ó núalach: do sáoradh a lámha ó na potuighibh.
7. A mbuáidhreadh do ghoir tú, agus do sháor mé thú; do fhreagair mé thú a nionad uáigneach na tóirnighe: do dhearbh mé thú láimh ré huisgeadhuibh Meribah. Selah.
8. Eist, ó mo phobal, agus do dhéanadsa fiaghnuise dhuit: ó Israel, ma eístir liom;
9. Ní biáidh ionnadsa día coimhthigheach; agus ní chláonfa tú thú féin do dhía coigcríche.
10. Is misi an TIGHEARNA do Dhía thug súas thú as crích na Hégipte: fosgail do bhéul go fairsing, agus líonfa misi é.
11. Acht níor éisdeadar mo dhaóine rem ghuth; agus níor umhluigh Israel damh.
12. Agus do léigios dóibh imtheachd a míangus a ccroidhe: do shiubhladar iona ccomhairle féin.
13. O dá néistfedís mo dhaóine riomsa, dá siubhladh Israel ann mo shlighthibh!
14. Do bhéuruinn a naimhde a núas go haithghéarr agus dfillfinn mo lámh air a neasccáirdibh.
15. Duimhleochaidis lucht fúatha an TIGHEARNA íad féin go fathach dhó; acht do bhíadh a naimsirsion go siorrúidhe.
16. Agus do bheathochadh sé íad le méuthus cruithneachda: agus le mil amach as an ccarruic do sháiseochuinn thú.