Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 81:3-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Séidigh an stoc annsa ngealuidh núadh, annsa núair chinte, ló ar bhféile.

4. Oír is dligheadh so do Israel, reacht ó Dhía Iácob.

5. Mar fhiadhnuise do shuighidh sé é do Ióseph, a nuáir do chuáidh sé thríd thalamh na Hégipte: mar a ccúaluidh mé teanga nar thuigios.

6. Dáthruigh mé a ghúala ó núalach: do sáoradh a lámha ó na potuighibh.

7. A mbuáidhreadh do ghoir tú, agus do sháor mé thú; do fhreagair mé thú a nionad uáigneach na tóirnighe: do dhearbh mé thú láimh ré huisgeadhuibh Meribah. Selah.

8. Eist, ó mo phobal, agus do dhéanadsa fiaghnuise dhuit: ó Israel, ma eístir liom;

9. Ní biáidh ionnadsa día coimhthigheach; agus ní chláonfa tú thú féin do dhía coigcríche.

10. Is misi an TIGHEARNA do Dhía thug súas thú as crích na Hégipte: fosgail do bhéul go fairsing, agus líonfa misi é.

11. Acht níor éisdeadar mo dhaóine rem ghuth; agus níor umhluigh Israel damh.

12. Agus do léigios dóibh imtheachd a míangus a ccroidhe: do shiubhladar iona ccomhairle féin.

13. O dá néistfedís mo dhaóine riomsa, dá siubhladh Israel ann mo shlighthibh!

14. Do bhéuruinn a naimhde a núas go haithghéarr agus dfillfinn mo lámh air a neasccáirdibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 81