Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 81:1-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Luathghairigh chum Dé ar neart: déanaidh fuáim mheanmnach chum Dé Iácob.

2. Glacaidh psalm, agus tugaidh an tiompán libh, an tsiterne thaighiúir maille ris an ccláirsigh.

3. Séidigh an stoc annsa ngealuidh núadh, annsa núair chinte, ló ar bhféile.

4. Oír is dligheadh so do Israel, reacht ó Dhía Iácob.

5. Mar fhiadhnuise do shuighidh sé é do Ióseph, a nuáir do chuáidh sé thríd thalamh na Hégipte: mar a ccúaluidh mé teanga nar thuigios.

6. Dáthruigh mé a ghúala ó núalach: do sáoradh a lámha ó na potuighibh.

7. A mbuáidhreadh do ghoir tú, agus do sháor mé thú; do fhreagair mé thú a nionad uáigneach na tóirnighe: do dhearbh mé thú láimh ré huisgeadhuibh Meribah. Selah.

8. Eist, ó mo phobal, agus do dhéanadsa fiaghnuise dhuit: ó Israel, ma eístir liom;

9. Ní biáidh ionnadsa día coimhthigheach; agus ní chláonfa tú thú féin do dhía coigcríche.

10. Is misi an TIGHEARNA do Dhía thug súas thú as crích na Hégipte: fosgail do bhéul go fairsing, agus líonfa misi é.

11. Acht níor éisdeadar mo dhaóine rem ghuth; agus níor umhluigh Israel damh.

12. Agus do léigios dóibh imtheachd a míangus a ccroidhe: do shiubhladar iona ccomhairle féin.

13. O dá néistfedís mo dhaóine riomsa, dá siubhladh Israel ann mo shlighthibh!

14. Do bhéuruinn a naimhde a núas go haithghéarr agus dfillfinn mo lámh air a neasccáirdibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 81