Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 80:7-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. A Dhé na slógh, iompóigh sinn arís, agus tabhair air haghaidh deálradh; agus bíam slán.

8. Thug tú fíneamhuin as an Négipt: do theilgis amach na cineadhacha, agus do chuir tú í.

9. Do sholathair tú ionad roimpe, agus thugais air a fréamhach fréamhadh, agus do líon sí an talamh.

10. Do folchadh na sléibhte re na scáile, agus ba séadair mhóra a beangáin.

11. Do chuir sí amach a beangáin go nuige an mhuir, agus a gabhláin gus a nabhuinn.

12. Cred far bhrisis síos a fálta, chor go sgothaid í gach a ngabhann an tslighe?

13. Tochlaidh fíadh-chullach na coilleadh i, agus ithidh beathach állta an mhagha súas í.

14. A Dhé na slógh, iompóigh, a íarmid dadhchuinge ort: féuch ó neamh, agus faic, agus tárr dféachain na fíneamhnaso;

15. Agus an stoc do phlannduigh do lámh dheas, agus an beangán do rinne tú comhláidir sin duit féin.

16. Atá sí ar na losgadh ré teine, géarrtha síos: meathaid ré hachmhusán do ghnúise.

17. Biodh do lámh air fhear do láimhe deise, air mhac an duine noch do rinnis comhláidir sin duit féin.

18. Agus ní racham ar ccúl uáitsi: béodhuigh sinn, agus gairfiom air hainm.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 80