1. O a aodhaire Israel, tabhair éisdeachd, thusa noch thréoruighios Ióseph amhuil thréad; deálruighidhsi amach, noch shuighios ar na cherubhínigh.
2. Roimhe Ephraim agus Bheniamin agus Mhanasseh corruidh súas do neart, agus ttárthuigh sinn.
3. A Dhé, iompoigh sinn, agus tabhair air haghaidh deálrugh; agus bíam slán.
4. A THIGHEARNA a Dhé na slógh cá fad bhías tú feargach a naghaidh urnaighe do dhaóine?
5. Do bheathuigh tú íad ré harán na ndéor; agus thugais orra déora ibhe go fairsing.
6. Do ní tú imriosuin dínn dár ccomharsanaibh: agus do níd ar naimhde magadh eaturra féin.
7. A Dhé na slógh, iompóigh sinn arís, agus tabhair air haghaidh deálradh; agus bíam slán.
8. Thug tú fíneamhuin as an Négipt: do theilgis amach na cineadhacha, agus do chuir tú í.
9. Do sholathair tú ionad roimpe, agus thugais air a fréamhach fréamhadh, agus do líon sí an talamh.
10. Do folchadh na sléibhte re na scáile, agus ba séadair mhóra a beangáin.
11. Do chuir sí amach a beangáin go nuige an mhuir, agus a gabhláin gus a nabhuinn.
12. Cred far bhrisis síos a fálta, chor go sgothaid í gach a ngabhann an tslighe?
13. Tochlaidh fíadh-chullach na coilleadh i, agus ithidh beathach állta an mhagha súas í.