63. Do loisg an teine rogha a ndaóine óg; agus níor mholadh a maighdiona.
64. Do thuiteadar a sagairt ris an ccloidheamh; agus níor ghuileadar a mbaintreabhacha.
65. Ann sin do mhúscuil an TIGHEARNA mar dhuine na chodladh, agus mar dhuine árrachta ag gárrtha tre fhíon.
66. Agus do bhuáil a naimhde iona ndeireadh: thug sé scannail shiorruidhe dhóibh.
67. Agus do dhiúlt sé áitreabh Ióseph, aguis níor thogh sé treabh Ephraim:
68. Acht do thogh sé treabh Iudah, slíabh Sion noch dob ionmhuin leis.
69. Agus do chuir súas a shanctóir cosmhuil re pálásaibh árda, mar an ttalamh noch do shuighidh sé go síorruidh.
70. Agus do thogh sé Dáibhi a sheirbhíseach cheana, agus rug sé ó mhanrachaibh na ccáorach é: