Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 78:61-72 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

61. Agus do thoirbhir a neart a mbraighdionas, agus a ghlóir a láimh na námhad.

62. Thug sé mar an ccéadna a dhaóine don chloidhiomh; agus do bhí sé feargach re na oighreachd.

63. Do loisg an teine rogha a ndaóine óg; agus níor mholadh a maighdiona.

64. Do thuiteadar a sagairt ris an ccloidheamh; agus níor ghuileadar a mbaintreabhacha.

65. Ann sin do mhúscuil an TIGHEARNA mar dhuine na chodladh, agus mar dhuine árrachta ag gárrtha tre fhíon.

66. Agus do bhuáil a naimhde iona ndeireadh: thug sé scannail shiorruidhe dhóibh.

67. Agus do dhiúlt sé áitreabh Ióseph, aguis níor thogh sé treabh Ephraim:

68. Acht do thogh sé treabh Iudah, slíabh Sion noch dob ionmhuin leis.

69. Agus do chuir súas a shanctóir cosmhuil re pálásaibh árda, mar an ttalamh noch do shuighidh sé go síorruidh.

70. Agus do thogh sé Dáibhi a sheirbhíseach cheana, agus rug sé ó mhanrachaibh na ccáorach é:

71. O bheith a ndiáigh na ccáorach ann a raibh uáin thug sé é do bheathughadh Iácob a phobal, agus Israel a oighreachd.

72. Agus do bheathaidh sé íad ré iomláine a chroidhe; agus do thréoruidh íad le héolus a lámh.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 78