5. Oír do dhaingnigh sé fiadhnuise ann Iácob, agus dórduigh sé dligheadh a Nisrael, noch daithin dar naithribh, a fhoillsiughadh dá gcloinn:
6. Chum go mbiáidh a fhíos ag an nginealach do thiucfadh, ag na leinibh do béartaoi; agus ag éirghe go ninneosaidís dá gcloinn féin:
7. Agus go ccuirfedís a ndóthchus a Ndía, agus nach dearmadfaidís oibreacha Dé, agus go cconneochaidís a aitheanta:
8. Agus gan a bheith mar a naithre, ginealach neimhcheannsuigh agns easumhal; ginealach nach dírighionn a ccroidhe go ceart, agus nach bhfuil a spiorad fírinneach do Dhía.
9. Ar mbeith do mhacuibh Ephraim, armtha, ag lámhach re bogha, dfilliodar air a nais a ló an chatha.
10. Níor chongmhadar connradh Dé, agus do dhiúltadar imtheacht iona dhligheadh;
11. Agus do dhearmadar a oibreacha, agus a ionganta noch dfoillsigh sé dhóibh.
12. Do lathair a naithreadh do rinne sé miorbhuil, a ttalamh na Hégipte, a machaire Soan.
13. Do scoilt sé a nfairge, agus thug íadsan tríthe; agus thug air na huisgeadhuibh seasamh mar chárn.