31. A núair tháinic fearg Dé orra, agus do mharbh da ndáoinibh méithe, agus do leag síos rogha oigfhear Israel.
32. Thairis so uile do pheacuigheadar fós, agus níor chreidiodar ar son a ionganta.
33. Agus do chaith sé a láethe a ndíomháoineas, agus a mblíadhna a mbuáidhreadh.
34. A nuáir do mharbh sé íad, is annsin do shiriodar é: agus dfilliodar agus do shireadar Día go moch,
35. Agus do chuimhnigheadar gur bé Día a ccarruic, agus an Día láidir a bhfúascaltóir.
36. Agus do rinneadar spleadha ris re na mbéul, agus bréaga re na tteangaidh.