28. Agus thug orra a tuitim a meadhón an champa, a ttimchioll a ionad comhnuidhe.
29. Mairsin a dúadar, agus do bhadar sáitheach go lor: óir thug sé dhóibh a mían féin;
30. Ní dhéarnadh fós coimhigheach íad óna nainmhíanuibh féin. Do bhí a mbíadh fós iona mbéul,
31. A núair tháinic fearg Dé orra, agus do mharbh da ndáoinibh méithe, agus do leag síos rogha oigfhear Israel.
32. Thairis so uile do pheacuigheadar fós, agus níor chreidiodar ar son a ionganta.
33. Agus do chaith sé a láethe a ndíomháoineas, agus a mblíadhna a mbuáidhreadh.
34. A nuáir do mharbh sé íad, is annsin do shiriodar é: agus dfilliodar agus do shireadar Día go moch,
35. Agus do chuimhnigheadar gur bé Día a ccarruic, agus an Día láidir a bhfúascaltóir.
36. Agus do rinneadar spleadha ris re na mbéul, agus bréaga re na tteangaidh.
37. Acht ní raibh a ccroidhe leis, agus ní rabhadar fírinneach ann a chunnradh.