18. Agus do chuireadar cathughadh air Dhía iona gcroidhe ag íarruidh bídh da nainmhíannuibh.
19. Do labhradar fós a naghaidh Dé; a dubhradar, An bhféadann Día bórd do líonadh le bíadh san díothramh?
20. Féuch, do bhuáil sé an charrac, agus do lingeadar uisgeadha amach, agus do thuiligheadar srotha; an bhféadaim sé arán do thabhairt úadh mar an ccéadna? an féidir leis feóil do sholathar dá dháoinibh?
21. Ar a nadhbharsin do chúala an TIGHEARNA sin, agus do bhí ro fheargach: iondus go raibh teine ar na lasadh a naghaidh Iácob, agus mar an gcéadna tháinig díbhfhearg súas a naghaidh Israel;
22. Do bhrígh nar chreidiodar a Ndía, agus nar chuireadar a ndóigh iona shlánughadh:
23. Gidh gur aithin sé do na néulluibh ó náird a núas, agus gur fhoscuil doirse nimhe,
24. Agus gur fhear orra manna re ithe, agus go ttug sé arbhar ó neamh dhóibh.
25. Do ith an duine aran na naingeal: do chuir sé a ndíol bídh chuca.
26. Thug sé air an ngaóith a noir gabháil thort is neamh: agus re na chumhachda thug sé a steach an gháoth a ndeas.
27. Agus dfear sé feóil orra mar luáithreadh, agus éanlaith sciathánach mar ghaineamh na fairge:
28. Agus thug orra a tuitim a meadhón an champa, a ttimchioll a ionad comhnuidhe.