Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 78:14-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Agus do thréoruidh íad a néull san ló, agus air feadh na hoidhche ré solus teineadh.

15. Do scoilt sé na cairge annsa díothramh, agus thug deoch dhóibh go fairsing mar budh as a naigéan.

16. Agus thug sé srotha amach as na cairgibh, agus thug sé air na huisgidhibh rioth síos amhuil aibhne.

17. Agus do pheacuigheadar fós na aghaidh re cathughadh do chur annsa díothramh air an té is ro áirde.

18. Agus do chuireadar cathughadh air Dhía iona gcroidhe ag íarruidh bídh da nainmhíannuibh.

19. Do labhradar fós a naghaidh Dé; a dubhradar, An bhféadann Día bórd do líonadh le bíadh san díothramh?

20. Féuch, do bhuáil sé an charrac, agus do lingeadar uisgeadha amach, agus do thuiligheadar srotha; an bhféadaim sé arán do thabhairt úadh mar an ccéadna? an féidir leis feóil do sholathar dá dháoinibh?

21. Ar a nadhbharsin do chúala an TIGHEARNA sin, agus do bhí ro fheargach: iondus go raibh teine ar na lasadh a naghaidh Iácob, agus mar an gcéadna tháinig díbhfhearg súas a naghaidh Israel;

22. Do bhrígh nar chreidiodar a Ndía, agus nar chuireadar a ndóigh iona shlánughadh:

23. Gidh gur aithin sé do na néulluibh ó náird a núas, agus gur fhoscuil doirse nimhe,

24. Agus gur fhear orra manna re ithe, agus go ttug sé arbhar ó neamh dhóibh.

25. Do ith an duine aran na naingeal: do chuir sé a ndíol bídh chuca.

26. Thug sé air an ngaóith a noir gabháil thort is neamh: agus re na chumhachda thug sé a steach an gháoth a ndeas.

27. Agus dfear sé feóil orra mar luáithreadh, agus éanlaith sciathánach mar ghaineamh na fairge:

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 78