1. Tugaidh, ó mo phobal, éisteacht dom dhligheadh: cláonuidh bhur cclúas chum bríathar mo bhéil.
2. Foisgeolad mo bhéul a ccosamhlacht: nochtfa mé labhartha dorcha ón tseanaimsir:
3. Noch do chúalamar agus bá fios dúinn, agus dinnisiadar ar naithre dhúinn.
4. Ní cheilfiom air a ccloinn íad, ag innisin don ghinealach thiocfas molta an TIGHEARNA, agus a chumhachta, agus na míorbhuile do rinne sé.
5. Oír do dhaingnigh sé fiadhnuise ann Iácob, agus dórduigh sé dligheadh a Nisrael, noch daithin dar naithribh, a fhoillsiughadh dá gcloinn:
6. Chum go mbiáidh a fhíos ag an nginealach do thiucfadh, ag na leinibh do béartaoi; agus ag éirghe go ninneosaidís dá gcloinn féin: