Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 77:7-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. An tteilgfe an TIGHEARNA uáidh go bráth? agus nach biáidh sé fabharthach ní sa mhó?

8. Nar choisg a thrócaire go bráth? nar fhailligh a fhocal ó ghinealach go ginealach?

9. Nar dhearmuid Día bheith grásamhuil? nar íaidh sé súas a bhféirg a thrócaire chineulta? Selah.

10. Agus a dubhras, A nois tionsgonad, ag so cláochló deasláimhe an té is ro áirde.

11. Cuimhneochad oibreacha an TIGHEARNA: go deimhin cuimhneochad hoibreacha iongantacha ón tseanaimsir.

12. Agus smuáinfiod ar hoibreachaibh uile, agus air do ghníomharthuibh do dhéan cúimhne.

13. O a Dhé, is a náomhthacht, atá do shlighe: cía atá na Dhía comhmór re Día!

14. Is tusa an Día noch do ní obair iongantach: do chuir tú do neart a numhail a measc na ndáoine.

15. Dfúasgail tú led láimh do dhaoine, clann Iácob agus Ióseph. Selah.

16. Do chonncadar na huisgeadha thú, a Dhé, do choncadar na huisgeadha thú; do bhí eagla orra: do bhádar na haigéin buáidheartha.

17. Do dhóirteadar na néulla amach uisgeadha: thugadar na spéirigh fúaim: do chúadar fós do shoighde timchioll.

18. Do bhí fúaim do thóirnighe annsna spéirigh: dfoillsigh do thinnteacha an saoghal: do chriothnuigh agus do ghabh eagla an talamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 77