1. Do bheirmíd buidheachus duit, a Dhé, do bheirmíd buidheachus duit: óir foillsighid do mhíorbhuile go bhfuil hainm a bhfogus.
2. A nuáir ghéabhad an comhthionól chugam do dhéanad breitheamhnus go díreach.
3. Atá an talamh agus a nuile áitreabhas ann ar na scaoileadh: daingneochadsa a phostadha. Selah.
4. A deirim ris ha hamadánuibh, Ná déanuidh leimhe: agus leis na cionntachaibh, Ná tógbhaidh súas a nadharc:
5. Ná tógbhaidh súas a nadharc go ro árd: ná labhruidh re muinéul cruáidh.
6. Oír ní ó náird a noir, nó a níar, nó ó dheas atá árdughadh.
7. Acht Día an breitheamh: umhluigh sé an fearso, agus árduigh sé an fear oile.
8. Oír atá cupán a láimh an TIGHEARNA, agus atá an fíon dearg; lán do chumasc; agus dóirtigh sé as amach: a dheasgaidh sin amháin, fháisgfid uile pheacaidh na talmhan, agus ibhid.
9. Acht foillseochuidh misi a thrócaire go bráth; canfad sailm do Dhía Iácob.
10. Agus brisfiod adharca na cciontach uile; áirdeochthar adharca an duine fhíréunta.
Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 75