2. Coimhnigh do choimhthionól, noch do cheannuigh tú fada ó shin; dfúascail tú slat hoighreachta; do chnoc Sion, ann ar chomhnúighis.
3. Tóg súas do chosa chum na bhfásach síorruidhe; a nuile olc da ndéarnaidh an námhaid annsa tsanctóra.
4. Béicidh do naimhde a meadhon do choimhthionól; do sháitheadar a mbratacha mar chomharthaibh.
5. Bá clúiteach an té noch do thógadh a thúaidh go hárd ar thiugh na coille.
6. A nois mar an ccéadna buailid síos a obair cheirbheireachda re tuadhuibh agus re hórduibh.
7. Do chuireadar an tsanctóir tre theine go talamh, do thruáilligheadar ionad comhnuidhe hanmasa.
8. A dubhradar iona gcroidhthibh, Scriosam íad a naóinfheachd: do chuireadar tré theine gach uile choimhthionól re Día annsa dúithche.
9. Ní fhaicmíd ar ccomharthadha: ní bhfuil áon fháidh ní as mó: ní mó atá áon agá bhfuil a fhios cá fad.
10. Cá fad, a Dhé, bhías a neasccara ag scannlughadh? an mbía an námhuid ag tarcuisniughadh choidhche?
11. Cred fá bhfillionn tú do lámh, do lámh dheas féin? connaimh í ó lár do bhrolluigh.