Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 74:13-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Do roinn tú a nfairge léd neart: do bhris tú cinn na ndragún annsna huisgeadhuibh.

14. Do bhrúighis cinn an lebhíatan; thugais é mar bhíadh do na daóinibh annsa bhfásach.

15. Do scoilt tú toibreacha agus srotha: do rinnis aibhne móra tirim.

16. Is duitsi is dual an lá, is leatsa fós a noidhche: dórduigh tú an solus agus an ghrían.

17. Do shuighidh tú imiol na talmhan uile: do chum tú samhradh agus geimhreadh.

18. Cuimhnigh so, a THIGHEARNA, gur scannluigh an námhuid, agus gur tharcuisnigheadar na daóine leamha hainm.

19. Ná tabhair anam do cholum do chuideachda na námhad: coimhthionól do bhochd ná dearmaid choidhche.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 74