12. Oír se Día mo Rígh a ríamh, ag oibriughadh slánuighthe a meadhon na talmhan.
13. Do roinn tú a nfairge léd neart: do bhris tú cinn na ndragún annsna huisgeadhuibh.
14. Do bhrúighis cinn an lebhíatan; thugais é mar bhíadh do na daóinibh annsa bhfásach.
15. Do scoilt tú toibreacha agus srotha: do rinnis aibhne móra tirim.
16. Is duitsi is dual an lá, is leatsa fós a noidhche: dórduigh tú an solus agus an ghrían.
17. Do shuighidh tú imiol na talmhan uile: do chum tú samhradh agus geimhreadh.
18. Cuimhnigh so, a THIGHEARNA, gur scannluigh an námhuid, agus gur tharcuisnigheadar na daóine leamha hainm.
19. Ná tabhair anam do cholum do chuideachda na námhad: coimhthionól do bhochd ná dearmaid choidhche.
20. Tabhair haire don chonradh: óir atáid áitreabhuigh dorcha na talmhan lán dáitribh foiréigin.
21. Na léig do lucht an leatruim filleadh fa náire: molaid na boicht agus na huireasbhacha hainm.
22. Eírigh, a Dhé, tagair do chúis féin: cuimhnigh do tharcuisne ó namadán air feadh an laói.
23. Ná dearmuid guth do námhad: an luchd éirghios ad aghaidh ag méudughadh a gcomhnuighe.