16. Agus do mheas mé a fhios so do bheith agam, acht bá sáothar ann mo shúilibh sin;
17. Nó go ndeachaidh mé a sanctoruibh Dé; gur thuig mé a ndeireadhsin.
18. Go deimhin suighe tú íad a náitibh sleamhna, teilge tú síos íad a nuáigneasuibh.
19. Ciondus tugthar chum neimhni mar budh a moiment íad! meathar íad ré húathbhásaibh thrid amach.
20. Mar aisling tar éis duine do mhúscladh; mar sin, a THIGHEARNA, a nuáir mhúisceolus tusa, do dhéanair a níomháigh do tharcuisniughadh.
21. Marso do bhí mo chroidhe ro bhuáidheartha, agus ann mo dhubhánuibh do gonadh mé.
22. Agus do bhí mé brúideamhuil, agus ní raibh a fhios agam: mar na hainmhíntidh do bhí mé agadsa.
23. Gidheadh do bhí mé do ghnáth agadsa: do rug tú air mo láimh dheis.
24. Tréorochuidh tú mé réd chomhairle, agus na dhiáighsin géubha tú chugad a nglóir mé.
25. Cía atá ágam a bhflaitheamhnus? agus cosmhuil riotsa ní bhfuil solus agam ar talamh.