Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 73:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Is maith Día fós do Israel, do nfíorghlan a ccroidhe.

2. Acht misi, is beag nar sciorr mo chosa; is beag nar shleamhnuigh mo choiscéime uáim.

3. Oír do thnúthaigh mé rís na hamadanuibh, mar do chonnairc mé síothcháin na gciontach.

4. Oír ní bhfuil cuibhrighthe iona mbás: agus atá a neart cliste.

5. Ní bhfuilid a sáothar na ndaóine; agus ní píantar íad mar dhaóine oile.

6. Ar a nadhbharsin timchiolluigh an túabhar íad mar slabhradh: folchuidh an foiréighon íad mar chúlaidh.

7. Téid a súile amach le méuthus: sáruighid smuáintighthe a ccroidhe.

8. Truáillighid, agus labhruid sárughadh le hurchóid: labhruid go hárd.

9. Cuirid a mbéul a naghaidh na neamh, agus siubhluigh a tteanga thríd an ttalamh.

10. Ar a nádhbharsin fillid a dhaóine annso: agus fáisgthior chuca amach uisgeadha chupáin líonta.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 73