7. Iona láethaibhsin bláithfid na fíréin; agus iomad síothchána an feadh bhías an ghealach ann.
8. Agus biáidh tighearnus aige ó fhairge go fairge, agus ón tsruth go téorannuibh na talmhan.
9. Cláonfuid na fhíaghnuisi an drong áitreabhus annsa díothramh; agus lighfid a naimhde an luáithreadh.
10. Do bhéuraid ríghthe Tarsis agus na noiléan tiodhlacadh: toirbheoruid ríghthe Saba, agus Séba pronta.
11. Agus tuitfidh gach uile rígh síos dá lathair: do dhéanaidh a nuile chineadh seirbhís dó.
12. Oír sáorfuidh sé an teasbhuidheach noch do ní éigheamh, agus an bocht mar an gceadna; agus an té ag nach bhfuil fear tárthála.
13. Do dhéana sé truáighe don bhocht agus do neasbhadhach, agus tárthochuidh sé anmanna na ndeireóil.
14. O mhealladh agus ó fhoiréigion fuáisceoluidh sé a nanam: agus budh dáor a bhfuil iona radharc.
15. Agus an feadh mhairfeas sé, do bhéara sé dhó dór Shéba: agus do dhéana sé guídhe ar a shon do ghnáth; beinneochar é go láetheamhuil.
16. Biáidh dornán arbha annsa talamh air mhullach na slíabh; biáidh a thoradh sin ar críth cosmhuil ré Lebanon, agus do dhéanuid caithriughadh amach as an ccathruigh mar luibh na talmhan.
17. Agus mairfidh a ainm go bráth: an feadh bhías an ghrian ann iseadh bhías a ainm ag leathnughadh: agus beinneochar dáoine annsan: goirfidh a nuile chineadh sona dhe.
18. Go madh beannuigh bhías an TIGHEARNA Día, Día Israel, noch amháin do ní neithe iongantacha.
19. Agus go madh beannuigh bhías a ainm glórmhar go bráth: agus líontar an talamh le na ghlóir; Amen, agus Amen.
20. Marso chríochnuighios urnuigh Dháibhi mhic Iesse.