5. Biáidh heagla orra an feadh bhías an ghrían ann, feadh mhairfeas an ghealach, ó ghinealach go ginealach.
6. Tiucfaidh sé a núas amhuil a nfearthuinn air an bhféur géarrtha: mar na ceathaibh fliuchadh na talmhan.
7. Iona láethaibhsin bláithfid na fíréin; agus iomad síothchána an feadh bhías an ghealach ann.
8. Agus biáidh tighearnus aige ó fhairge go fairge, agus ón tsruth go téorannuibh na talmhan.
9. Cláonfuid na fhíaghnuisi an drong áitreabhus annsa díothramh; agus lighfid a naimhde an luáithreadh.
10. Do bhéuraid ríghthe Tarsis agus na noiléan tiodhlacadh: toirbheoruid ríghthe Saba, agus Séba pronta.
11. Agus tuitfidh gach uile rígh síos dá lathair: do dhéanaidh a nuile chineadh seirbhís dó.
12. Oír sáorfuidh sé an teasbhuidheach noch do ní éigheamh, agus an bocht mar an gceadna; agus an té ag nach bhfuil fear tárthála.