14. O mhealladh agus ó fhoiréigion fuáisceoluidh sé a nanam: agus budh dáor a bhfuil iona radharc.
15. Agus an feadh mhairfeas sé, do bhéara sé dhó dór Shéba: agus do dhéana sé guídhe ar a shon do ghnáth; beinneochar é go láetheamhuil.
16. Biáidh dornán arbha annsa talamh air mhullach na slíabh; biáidh a thoradh sin ar críth cosmhuil ré Lebanon, agus do dhéanuid caithriughadh amach as an ccathruigh mar luibh na talmhan.
17. Agus mairfidh a ainm go bráth: an feadh bhías an ghrian ann iseadh bhías a ainm ag leathnughadh: agus beinneochar dáoine annsan: goirfidh a nuile chineadh sona dhe.
18. Go madh beannuigh bhías an TIGHEARNA Día, Día Israel, noch amháin do ní neithe iongantacha.