Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 72:1-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A Dhé, tabhair do bhreitheamhnus don rígh, agus thfíréuntacht do mhac an rígh.

2. Breithneochuidh sé do phobal ré ceart, agus do bhochta ré breitheamhnus.

3. Do bhéuraid na sléibhte síothcháin chum na ndaóine, agus na cnoic bheaga, maille re ceairt.

4. Béuraidh sé breath ar bhochtaibh na ndaóine, sáorfa sé clann na neasbhadhach, agus brisfe sé an fear sáruighthe a mbloibh.

5. Biáidh heagla orra an feadh bhías an ghrían ann, feadh mhairfeas an ghealach, ó ghinealach go ginealach.

6. Tiucfaidh sé a núas amhuil a nfearthuinn air an bhféur géarrtha: mar na ceathaibh fliuchadh na talmhan.

7. Iona láethaibhsin bláithfid na fíréin; agus iomad síothchána an feadh bhías an ghealach ann.

8. Agus biáidh tighearnus aige ó fhairge go fairge, agus ón tsruth go téorannuibh na talmhan.

9. Cláonfuid na fhíaghnuisi an drong áitreabhus annsa díothramh; agus lighfid a naimhde an luáithreadh.

10. Do bhéuraid ríghthe Tarsis agus na noiléan tiodhlacadh: toirbheoruid ríghthe Saba, agus Séba pronta.

11. Agus tuitfidh gach uile rígh síos dá lathair: do dhéanaidh a nuile chineadh seirbhís dó.

12. Oír sáorfuidh sé an teasbhuidheach noch do ní éigheamh, agus an bocht mar an gceadna; agus an té ag nach bhfuil fear tárthála.

13. Do dhéana sé truáighe don bhocht agus do neasbhadhach, agus tárthochuidh sé anmanna na ndeireóil.

14. O mhealladh agus ó fhoiréigion fuáisceoluidh sé a nanam: agus budh dáor a bhfuil iona radharc.

15. Agus an feadh mhairfeas sé, do bhéara sé dhó dór Shéba: agus do dhéana sé guídhe ar a shon do ghnáth; beinneochar é go láetheamhuil.

16. Biáidh dornán arbha annsa talamh air mhullach na slíabh; biáidh a thoradh sin ar críth cosmhuil ré Lebanon, agus do dhéanuid caithriughadh amach as an ccathruigh mar luibh na talmhan.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 72