5. Oír is tú mo dhóigh, a THIGHEARNA Día: mo dhóigh óm óige.
6. Is leatsa do congmhadh súas mé ón mbroinn: is tú thug mé ó ionathar mo mhathar: is tusa mholfas mé a ccomhnuighe.
7. Mar iongnadh do bhí mé ag mórán; acht is tusa mo dhídean daingean.
8. Bíodh mo bhéul líonta led mholadh honóir air feadh an laói.
9. Ná teilg seachad mé a naimsir mo sheanaoise; a nuáir fhaillighios mo neart na tréig mé.
10. Oír labhruid mo naimhde am aghaidh; agus lucht atá ag forfhaire air manam gabhaid comhairle ré chéile,
11. Ag rádh, Do thréig Día é: inghreamuigh agus gabhaidh é; óir ní bhfuil fear a thárthála.