1. Ionnadsa, a THIGHEARNA, cuirim mo dhóigh: ná náirighthear mé go bráth.
2. Ann tfíréantas fúasgail mé, agus sáor mé: cláon do chlúas chúgam, agus cúmhduigh mé.
3. Bí dhamhsa ad ionad súighe daingion, chum a rachad do ghnáth: óir thugais aithne mo thártháil; is tú mo charruic agus mo dhaingion.
4. Mo Dhía, sáor mé, as láimh an chiontuigh, as láimh an duine neimhfhíréunta agus fhíochmhair.
5. Oír is tú mo dhóigh, a THIGHEARNA Día: mo dhóigh óm óige.
6. Is leatsa do congmhadh súas mé ón mbroinn: is tú thug mé ó ionathar mo mhathar: is tusa mholfas mé a ccomhnuighe.
7. Mar iongnadh do bhí mé ag mórán; acht is tusa mo dhídean daingean.
8. Bíodh mo bhéul líonta led mholadh honóir air feadh an laói.
9. Ná teilg seachad mé a naimsir mo sheanaoise; a nuáir fhaillighios mo neart na tréig mé.
10. Oír labhruid mo naimhde am aghaidh; agus lucht atá ag forfhaire air manam gabhaid comhairle ré chéile,