Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 7:1-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. O a THIGHEARNA Día, ionnadsa chuirim mo dhoigh: tárthuigh mé ó nuile noch ghérleanas mé, agus sáor mé:

2. Deagla go réubfeadh se manam amhuil leomhan, dhá strócadh a ccodchuibh, a nuáir uach bhfuil éinneach ann do ainicfeadh.

3. O a THIGHEARNA mo Dhía, má rinne mé so; má atá éacceart ann mo lámhuibh;

4. Má chuitigh mé olc ris an té do bhí a síothcháin riom; (fos, do ainic me an té noch atá na námhuid dhamh gan chúis:)

5. Déanadh mo námhaid gérleanmhuin air manam, agus gabhadh sé é; fós, saltradh sé síos mo bheatha air an ttalamh, agus léigeadh sé monóir san luáithreadh. Selah.

6. Eírigh, a THIGHEARNA, an thfeirg, tóg súas thú féin tre anbhuirbe mo naimhdesi: agus múscuil ar mo shonsa chum an bhreitheamhnuis noch do fhúagruis.

7. Mar sin cruinneochuid coimhthionól na ndaoine ad thimchioll: air a sonsan uimesin fillsi air árd.

8. Béaruidh an TIGHEARNA breitheamhnus air an bpobal: breathnuigh misi, ó a THIGHEARNA, do reír mfiréantachda, agus do reír mo dhíoghruisi noch atá ionnam.

9. O críochnuigheadh olc na cciontach; acht daingnigh an duine ceart: óir dearbhuidh an Día fíréanta na croidhthe agus na dubháin.

10. Is o Dhía atá mo chosnamh, noch sháoras an direach a ccroidhe.

11. Do ní Día breitheamhnus air an bhfíréun, agus bí Día feargach ris an cciontach gach éanlá.

12. Muna bhfillidh sé, cuirfe sé fáobhair air a chloidheamh; do lúb sé a bhodha, agus do rinne sé ullamh é.

13. Do ghléus sé dhó mar an ccéadna oirnéis an bháis; dórduigh sé a shaigheada a naghaidh na ninghreamach.

14. Féuch, bídh sé torrach le héicceart, agus do ghabh sé urchóid, agus do rug sé neimhfhírinne.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 7