Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 69:26-36 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

26. Oír do níd ainleanmhuin air an té do bhuáil tusa; agus labhruid chum doilghis don lucht do loit tú.

27. Cuir urchóid a gcionn a nurchóide: agus ná tiaghaid ad thfíréantachtsa.

28. Scriostar amach íad as leabhar na mbéo, agus ná scríobhthar íad maille ris na fíréunuibh.

29. Agus misi, bíodh go bhfuilim ar mo bhuáidhreadh, agus dóbrónach: cuireadh do shlanúghadh, a Dhé, súas go hárd mé.

30. Molfad ainm Dé re caintic, agus do dhéanad a mhórughadh ré tabhairt buidheachais.

31. Taitneochuidh so mar an gcéadna ris an TTIGHEARNA nísa mhó ná damh nó bulóg agá bhfuilid adharca ingne scoilte,

32. Do chífidh an tumhal sin, agus do dhéana gáirdeachus: agus mairfidh bhur ccroidhesi noch íarrus Día.

33. Oír cluinigh Día na boicht, agus ní tharcuisnigheann a phríusúnuigh.

34. Molfaidh neamh agus talamh é, na fairgeadha, agus a ccorruighionn ionnta.

35. Oír sáorfa Día Sion, agus cuirfe súas caithreacha Iúdah: ionnus go ndéanaid comhnuighe annsin, agus go mbiáidh na oighreacht aca.

36. Agus sealbhochuidh sliocht a sheirbhíseach é: agus an lucht ghrádhuighios a ainm áitreobhuid ann.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 69