2. Do sluigeadh mé a lábán rodhomhuin, mar nach bhfuil ionad seasta: tháinig mé go doimhne na nuisgeadh, agus tá an sruth ag dul thorum.
3. Atáim toirseach óm chomharcuibh: do tiormuigheadh mo scórnach, do fhailligheadar mo shúile tre mfoirfheitheamh air mo Dhía.
4. Do líonadar ós cionn ghrúaige mo chinn an luchd agá bhfuil fúath orum gan adhbhar: Is cumhachdach an luchd re ar mían mo dhíothlaithriughadh, ar mbeith na naimhde agam, go héagcórach: annsin daisig mé an ní nar fhúaduighios.
5. A Dhé, is aithne dhuitse mo leimhe; agus ní bhfuil mo chionta a bhfolach ort.
6. An drong atá ag feithiomh ortsa, a THIGHEARNA Día na slúagh, na claóidhthear íad ná bíodh náire orra air mo shonsa: an drong íarrus thusa, a Dhé Israel.
7. Do bhrígh gur iomchair mé scannail ar do shonsa; atá maghaidh a bhfolach lé náire.
8. Do rinneadh coimhthigheach dhíom dom dhearbhráithribh, agus eachtrannach do chloinn mo mhathar.
9. Oír a duáigh éad do thighesi súas mé; agus do thuit achmhusán na druinge do scannluigh thú orum.
10. Agus do ghuil mé, agus do bhí manam a ttrosgadh, agus do chuíreadh sin a cceann mo scannlach.
11. Agus do rinneas mo chulaidh do shaicéadach; agus do bhí mé am shean-fhocal acasan.
12. Agus do labhradar an luchd shuighios annsa gheata am aghaidh; agus an lucht ibhios deoch láidir do rinneadar abhrán orum.
13. Acht misi, atá mo ghuidhe chugadsa a THIGHEARNA, a nam ionghabhála: a Dhé, do réir ro iomad do thrócaire cluin mé, a bhfírinne do shlánaighthe.
14. Sáor mé as an lathaidh, agus ná léig mo dhul a níochtar: sáorthar mé ó luchd mfúathaighthe, agus as doimhne na nuisgeadh.
15. Ná leig do thuile na nuisgeadh dul ós mo chionn, agus na léig do naigéan mo shlugadh, agus ná léig don pholl a bhéul do dhrud orum.
16. Cluin mé, a THIGHEARNA; oír is maith do chinéul grádhach: do réir iomad do thrócaire ceannsa fill orum.
17. Agus ná foluigh haghaidh od sheirbhíseach; oír a táim a mbuaidhreadh: déana deithfir dom éisdeachd.
18. Druid a ngar dom anam fúasgail é: sáor mé do bhrígh mo námhad.
19. Is aithne dhuitsi mo scannail, agus mo náire, agus measonóir: atáid mo naimhde uile ós do choinne.
20. Do bhris an táchmhusán mo chroidhe; agus atáim lán do dhóbrón: agus do bhí súil agam re duine éigin do dhéanadh comhthuirsi leam, agus ní raibh áonduine; agus ar son luchd comhfhurtachda, ní bhfúaras íad.