Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 69:19-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Is aithne dhuitsi mo scannail, agus mo náire, agus measonóir: atáid mo naimhde uile ós do choinne.

20. Do bhris an táchmhusán mo chroidhe; agus atáim lán do dhóbrón: agus do bhí súil agam re duine éigin do dhéanadh comhthuirsi leam, agus ní raibh áonduine; agus ar son luchd comhfhurtachda, ní bhfúaras íad.

21. Agus thugadar dhamh arson bhíadh domlas; agus ann mo thart thúgadar fíneagra re nól damh.

22. Bíodh a mbórd ós a ccoinne féin mar dhul: agus a nionad luaidheachda, mar phaintéur dhóibh.

23. Dorchuidhthear a súile, iondus nach bhfaicid; agus tabhair air a leasrachaibh bheith a ccomhnuighe air crith.

24. Doirt amach do dhíbhfheirg orra agus gabhadh teas thfeirge greim orra.

25. Bíodh a nionad comhnuidhe na bháinsigh; ná bíodh fear comhnuighe ann a ttighthibh.

26. Oír do níd ainleanmhuin air an té do bhuáil tusa; agus labhruid chum doilghis don lucht do loit tú.

27. Cuir urchóid a gcionn a nurchóide: agus ná tiaghaid ad thfíréantachtsa.

28. Scriostar amach íad as leabhar na mbéo, agus ná scríobhthar íad maille ris na fíréunuibh.

29. Agus misi, bíodh go bhfuilim ar mo bhuáidhreadh, agus dóbrónach: cuireadh do shlanúghadh, a Dhé, súas go hárd mé.

30. Molfad ainm Dé re caintic, agus do dhéanad a mhórughadh ré tabhairt buidheachais.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 69