31. Tiocfaid prionnsuighe as a Négipt; sínfigh Etíopia go hobann a lámha amach do Dhía.
32. Canaidh do Dhía, a rioghachda na talmhan; canaidh sailm don TIGHEARNA; Selah:
33. Don té do ní marcuigheachd ar neamhuibh na neamh, ón tseanaimsir; féuch, do bheir sé a ghuth, guth neártmhar.
34. Tugaidhsi neart do Dhía: noch agá bhfuil a oirdhearcus ar Israel, agus a bhfuil a neart a bhflaitheamhnus.
35. Is úathbhásach thusa a Dhé, amach as háitibh náomhtha: sé Día Israel do bheir neart agus cumhachda don phobal. Go má beannuigh Día.