30. Imdhearg beathach an ghiolcuidh, ealbha na ttarbh láidir, maille ré láoghaibh na ndaóine, nó go numhluighe sé e féin ré píosuighibh airgid: spréidh ó chéile na daóine agá bhfuil dúil a ccogadh.
31. Tiocfaid prionnsuighe as a Négipt; sínfigh Etíopia go hobann a lámha amach do Dhía.
32. Canaidh do Dhía, a rioghachda na talmhan; canaidh sailm don TIGHEARNA; Selah:
33. Don té do ní marcuigheachd ar neamhuibh na neamh, ón tseanaimsir; féuch, do bheir sé a ghuth, guth neártmhar.