Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 68:25-35 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

25. Do chúadar na cantaireadha a ttosach, na ndiáigh sin an luchd seanma air adhbhuidhibh; iona meadhón na maighdiona oga ag búaladh tábuir.

26. Beannuighsi Día annsna comhdháluibh, an TIGHEARNA, ó thiobraid Israel.

27. Ag sin Beniamin beag a núachdarán, prionnsuighe Iudah agus a ccoimhthonol, prionnsuighe Sebulon, agus prionnsuighe Naphtali.

28. Daithin do Dhía féin do neart: neartuigh, a Dhé, an ní sin noch doibrígh tú dhúinne.

29. Ar son do theampuill ann Ierusalem do bhéuraidh ríghthe tiodhlacadh chugad.

30. Imdhearg beathach an ghiolcuidh, ealbha na ttarbh láidir, maille ré láoghaibh na ndaóine, nó go numhluighe sé e féin ré píosuighibh airgid: spréidh ó chéile na daóine agá bhfuil dúil a ccogadh.

31. Tiocfaid prionnsuighe as a Négipt; sínfigh Etíopia go hobann a lámha amach do Dhía.

32. Canaidh do Dhía, a rioghachda na talmhan; canaidh sailm don TIGHEARNA; Selah:

33. Don té do ní marcuigheachd ar neamhuibh na neamh, ón tseanaimsir; féuch, do bheir sé a ghuth, guth neártmhar.

34. Tugaidhsi neart do Dhía: noch agá bhfuil a oirdhearcus ar Israel, agus a bhfuil a neart a bhflaitheamhnus.

35. Is úathbhásach thusa a Dhé, amach as háitibh náomhtha: sé Día Israel do bheir neart agus cumhachda don phobal. Go má beannuigh Día.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 68