2. Mar thiomáintear deatach seachad, marsin tiomáinse seachad íad: mar leaghas céir ós coinne tineadh, marsin meathaidís na cíontuigh a bhfiaghnuíse Dé.
3. Acht bídís na fíréin lúathgháireach; déindís gáirdeachus ós coinne Dé: agus, bídís meanmnach lé lúathgháire.
4. Canaidh do Dhía, canaidh psalm dha ainm: árduighidh an té do ní marcuigheachd ar na flaithís re na ainm IAH, agus deanuidh gáirdeachus ós a choinne.
5. Isé Día athair na ndílleacht, agus breithiomh na mbaintreabhach, a nionad comhnuidhe a náomhthachta.