16. Créd fá lingthí, sibhsi a shléibhte árda? an cnocso bá mían lé Día comhnuighe do dhéanamh ann; biáidh an TIGHEARNA no chomhnuigh ann go bráth.
17. Atáid carbaid Dé fithche míle, míltidh dáinglibh; atá an TIGHEARNA na measc, annsa náit náomhtha, Sínai.
18. Do chuáidh tú súas ar árd, thugais braighdeanas a mbraighdeanas leachd: do ghabh tú tiodhlaicthe ar son daóine; agus fós, ar son na méirleach, chum comhnuidhe na measc a THIGHEARNA Día.
19. Go madh beannuigh an TIGHEARNA, noch thréoruighios sinn go láetheamhuil, Día ar shlánuighthe. Selah.
20. Isé ar Ndíanne Día ar slánuighe; agus ré Día an TIGHEARNA beanaid slightheach an bháis.
21. Loitfidh Día go deimhin ceann a namhad, agus cloigionn ghrúagach an té shiubhlas do ghnáth iona pheacaidh.
22. A dubhairt an TIGHEARNA, O Bhásan do bhéarad a rís, do bhéarad thusa a rís ó dhúbhaigéan na fairge:
23. Go ttumthuigh do chos a bhfuil, teangtha do mhadradh a bhfuil do námhad.
24. Do chonncadar himtheachda, a Dhé; imtheachta mo Dhé, mo Rígh annsa tsanctóra.
25. Do chúadar na cantaireadha a ttosach, na ndiáigh sin an luchd seanma air adhbhuidhibh; iona meadhón na maighdiona oga ag búaladh tábuir.
26. Beannuighsi Día annsna comhdháluibh, an TIGHEARNA, ó thiobraid Israel.
27. Ag sin Beniamin beag a núachdarán, prionnsuighe Iudah agus a ccoimhthonol, prionnsuighe Sebulon, agus prionnsuighe Naphtali.