Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 68:10-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Do bhí do choimhthional na ccomhnuidhe inte: do dhaingnigh tú sin do réir do mhaitheasa do na bochtaibh, a Dhé.

11. Thug an TIGHEARNA an focal: bá mór an banna do shoisgéul é.

12. Teithid ríghthe slúagh, teithid: agus roinne sisi noch chomhnuighios a stigh a néadail.

13. Bíodh gur luighiobhair a measg na mbránradh, beithí mar sciatháin coluim ar na bhfolach lé hairgiod, agus a cleiteach ré ór buidhe.

14. A nuáir do spréidh an Tuilechumhachdach ríghthe air a sonsa, do bhí sí mar shneachta a Salmon.

15. Cnoc Dé cnoc Básan; cnoc árd cnoc Básan.

16. Créd fá lingthí, sibhsi a shléibhte árda? an cnocso bá mían lé Día comhnuighe do dhéanamh ann; biáidh an TIGHEARNA no chomhnuigh ann go bráth.

17. Atáid carbaid Dé fithche míle, míltidh dáinglibh; atá an TIGHEARNA na measc, annsa náit náomhtha, Sínai.

18. Do chuáidh tú súas ar árd, thugais braighdeanas a mbraighdeanas leachd: do ghabh tú tiodhlaicthe ar son daóine; agus fós, ar son na méirleach, chum comhnuidhe na measc a THIGHEARNA Día.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 68