Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 68:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Eirghiodh Día, agus spréidhthear a naimhde: agus teithidis an lucht fhúathighios é ó na aghaidh.

2. Mar thiomáintear deatach seachad, marsin tiomáinse seachad íad: mar leaghas céir ós coinne tineadh, marsin meathaidís na cíontuigh a bhfiaghnuíse Dé.

3. Acht bídís na fíréin lúathgháireach; déindís gáirdeachus ós coinne Dé: agus, bídís meanmnach lé lúathgháire.

4. Canaidh do Dhía, canaidh psalm dha ainm: árduighidh an té do ní marcuigheachd ar na flaithís re na ainm IAH, agus deanuidh gáirdeachus ós a choinne.

5. Isé Día athair na ndílleacht, agus breithiomh na mbaintreabhach, a nionad comhnuidhe a náomhthachta.

6. Cuiridh Día an tuáigneach a tteaghlach: do bheir amach an drong bhíos ceangailte lé slabhradhuibh: acht do níd na méirligh comhnuighe a ttalamh thirim.

7. A Dhé, a nuáir do chúaidh tú amach roimhe do phobal, a nuáir do chúaidh tú ar haghaidh go gaisgeamhuil san díothramh; Selah:

8. Do chriothnuigh an talamh, do shileadar na flaitheamhnuis ó aghaidh Dé: Sínai féin ar aghaidh Dé, Día Israel.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 68