Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 66:7-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Riaghluidh sé re na neart go bráth; do chíd a shúile na cineadhacha: ní áirdeochoid na heasáontuigh íad féin. Selah.

8. Beannuighidhsi a phoibleacha, ar Ndíane, agus tugaidh fa deara guth a mholta do chluinsion:

9. Noch coingmhus ar nanam béo, agus nach ttug air ar ccois corrughadh.

10. Oír do dhearbhuidh tú sinn, a Dhé: do theastuidh tú sinn, do réir théastuighthe a nairgid.

11. Thug tú a steach san líon sinn; do chuir tú cumhgach air ar leasrachaibh.

12. Thug tú air dháoinibh marcuigheachd do dhéanamh air ar gceann; do chuamar thríd theine agus uisge: achd do thugaisse amach sinn go hionad shaídhbhir.

13. Rachad a steach ann do thigh re híodhbarthaibh loisge: coimhlíonfad duitsi mo mhóide,

14. Noch do admhuigh mo phuisíne, agus do labhair mo bhéul, a nuáir do bhí amhgar oram.

15. Iodhbartha loisge méithealluigh toirbheorad dhuit, ré húsga reitheadh; do dhéan na daimh réidh, agus na gabhair fhirionna. Selah.

16. Tigidh, sibhsi ler beagal Día, agus inneosad cred do rinne sé ar son manma.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 66