3. Cá fad bheithí smuainiughadh urchóid a naghaidh dhuine? muirfighear sibh uile: beithí mar bhalla chláon, mar fhál thrasgarthar síos.
4. Amháin do níd comhairle eision do chur síos ón onóir: dúilighid a mbréig: beannuighid re na mbéul, agus malluighid re na gcroidhe. Selah.
5. Gidheadh, O manam, comhnuighsi a Ndía amháin; óir is úadhsan atá mo dhóthchus.
6. Is eision amháin mo charruig agus mo shlánughadh: is é mo dhídion; ní chorrochthar mé.
7. A Ndía atá mo shlánughadh agus mo ghlóir: carruic mo neirt, a Ndía, atá mo dhóigh.
8. Cuiridh bhur ndóigh ann a ccomhnuighe; sibhsi a dhaoine, dóirtighe amach bhur ccroidhe dá lathair: isé Dia is dídion dhúinn. Selah.
9. Go deimhin is díomhaóineas clann na ndaóine uirísiol, is bréug clann na ndaóine móra: ar na ccur a néainfeachd a meadhuibh, is éattruime íad ná an díomhaóineas.