Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 60:6-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Do labhair Día iona náomhthachd; bíad lúathgháireach, roinnfead Sechem, agus toimheosad gleann Sucot.

7. Is leamsa Gílead, agus is leam Manasseh; sé Ephraim fós neart mo chinn; Iudah mo dhlightheamhnach;

8. Moab mo phota ionnluith; teilgfiod mo bhróg tar Edom: a Phalestina, déan caithréim ós mo chionn.

9. Cía bhéaras mé gus an ccathruigh dhaingin? cía thréorochus mé go Hédom?

10. Nach déana tusa, a Dhé, noch do chuir dhíot sinn? agus nar bháill leachd dul amach, a Dhé, ré ar sluáighthe?

11. Tabhair furtachd dhúinn ó bhuáidhreadh: óir is díomháoin cabhair an duine.

12. A Ndía do dhéanam gaisge: agus sailteoruidh sé síos lucht ar mbúaidheartha.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 60