Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 60:1-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A Dhe, do chuir tú dhíot sinn, do bhris tú sinn, do bhí fearg ort; iompóigh thú féin chugainn a rís.

2. Thugais air an ttalamh criothnughadh; agus do bhrisis é: leighis a bheárnadha; óir atá sé air crith.

3. Do thaisbéin tú ní crúaidh dot phobal: thuguis oruinn fíon an mhearuighthe dól.

4. Thuguis bratach don lucht agá bhfuil heagla, dá nochtadh air son na fírinne.

5. Chum go sáorfuidhe haóis grádha; sáor led láimh dheis, agus cluin misi.

6. Do labhair Día iona náomhthachd; bíad lúathgháireach, roinnfead Sechem, agus toimheosad gleann Sucot.

7. Is leamsa Gílead, agus is leam Manasseh; sé Ephraim fós neart mo chinn; Iudah mo dhlightheamhnach;

8. Moab mo phota ionnluith; teilgfiod mo bhróg tar Edom: a Phalestina, déan caithréim ós mo chionn.

9. Cía bhéaras mé gus an ccathruigh dhaingin? cía thréorochus mé go Hédom?

10. Nach déana tusa, a Dhé, noch do chuir dhíot sinn? agus nar bháill leachd dul amach, a Dhé, ré ar sluáighthe?

11. Tabhair furtachd dhúinn ó bhuáidhreadh: óir is díomháoin cabhair an duine.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 60